Bunaíodh CLG Bhearna sa mbliain 1965 agus é ag imirt ag grád na sinsir anois ó 1998. Tá muid lonnaithe i nGaeltacht Chois Fharraige i gConamara. Síneann ár bparóiste ó Bhóthar na
Ceapaí agus an Buaile Beag ar imeall Chathair na Gaillimhe siar go dtí ceantar na bhForbacha. Toisc go bhfuil muid cóngarach de Chathair na Gaillimhe, tá fás bríomhar tagtha ar dhaonra ár gceantar le blianta beaga anuas agus tá foirne peile á gcur chun páirce ag gach leibhéal ó bhuachaillí & cailíní faoi 6 suas go dtí grad na sinsir. Tá peil na mBan an-láidir sa gcumann agus tá go leor imreoirí dár gcuid ag imirt le foirne éagsúla Chontae na
Gaillimhe.
Tá iarrachtaí móra ar siúl an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach a chur chun cinn sa gcumann le
roinnt blianta anuas agus é anois cláraithe do Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonnacha
atá á reachtáil ag Glór na nGael. Ábhar bróid do bhaill an chumainn is ea go raibh
dlúthbhaint ag an Iar-uachtarán CLG Seosamh Mac Donnacha é féin le Cumann Peile Bhearna ar feadh na mblianta.